The Route to The Tall Islands
The Route to The Tall Islands

Ceiliúrann Féile Scannán Mheiriceá Laidineach an ilchríoch an athuair trí scannáin, trí ghearrthóga agus trí scannáin faisnéise. Taispeánfar iad seo i mBaile Átha Cliath agus rachaidh siad ar camchuairt ina dhiaidh sin go Biorra. Eagraítear an Fhéile i nGaeilge, teanga dúchais na hÉireann. I gcomhthéacs an éitis sin, aithnítear teangacha na mbundúchasach i gCríocha Mheiriceá. Beidh an Cheatsuais faoi chaibidil le linn na féile. Díreoidh féile na bliana seo ar Pheiriú. Zona Intangible a bheidh mar phríomhscannán faisnéise na féile, scannán a insíonn scéal spreagúil atá lonnaithe in Lima.

Tá saorchead isteach ar fud na tíre chuig na hócáidí uile a bhaineann leis an bhféile.
Ghlac an Fhéile briseadh sa bhliain 2016 mar aitheantas ar chomóradh céad bliain an Éirí Amach. Tar éis bliain a chaitheamh agus ag iniúchadh na ndianiarrachtaí sin, is trua go bhfuil scéal na hÉireann mar atá i láthair na huaire. Tá céad bliain de dhrochbhainistíocht agus caimléireacht curtha dínn sa tír seo agus fiacha móra leagtha ag Fianna Fáil ar shaoránaigh na tíre in 2008. Ní féidir na fiacha uafásacha seo, atá go síoraí á n-athstruchtúrú, a aisíoc agus go deimhin is gá diúltú dóibh [www.debtireland.org] [www.attac.ie]

Rinneadh comóradh in 2016 ar na tírghráthóirí a ghlac páirt san Éirí Amach. Rugadh duine díbh sin, Eamonn Bulfin, i mBuenos Aires na hAirgintíne. Tá sé oiriúnach dá réir go mbeadh an Fhéile i mBiorra, mar is ansin a d’fhill sé lena athair William, a bhí mar eagarthóir ar The Southern Star san Airgintín. Beidh íomhá/sceitse d’Eamon Bulfin ag ardú bhratach na Poblachta os cionn Ard-Oifig an Phoist ar taispeáint ag gach láthair.

Tadhg Ó Cruadhlaoich

[events_list scope=”future” category=13 ]

#_EVENTLINK

#_EVENTIMAGE

#_EVENTDATES at #_EVENTTIMES – #_LOCATIONLINK, #_LOCATIONADDRESS, #_LOCATIONTOWN

[/events_list]

Coordinator